School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhaoine tuisgionach ar gnóthaí na h-aimsire, cé gur (?) na céimeanna leíghinn a bhaineadar amach, acht ní fhágann (?) san ná go bhfuilimíd-ne beagnach ar aon bád leo maidir le chúrsaí na h-aimsire, go h-áirighthe. Is beag duine ar an saoghal ná féadfadh a innsint cathain a sgaoilfidh "píopaí soithigh na spéire," nó cathain a phleáscfaidh "lannán na bhFlaitheas."Seo cuid de's na "fir fágra" atá againn:-Séideadh na gaoithe andeas, na fáinleága ag druideamhaint leis an dtalamh; lasair gorm san dteine, mí-shuaimhneas na mbó lá Samhraidh; Claonadh an deataigh; éileamh an chait ar an dteine. Bíonn ana-fhothrom in- áiteanna áirighthe ins na h-aibhnte chun aimsir tirim nó chun aimsire fuar, fliuch. Cuir i gcás bíonn an-ghlór ag abha an Fhearta in aice le Droichead Dílis, i bparóiste na Faille Móire, le h-aghaidh aimsir bhreágh, agus bíonn an glór céadhna aice fé bhun talmhan Michíl Uí Shúilleabháin, Tullaig, i bFaill Móir, le h-aghaidh aimsir fliuch. Nuair a bhíonn na cuileóga ag snámh ar an dtalamh, bíonn sé in a thalamh slán ag daoine go mbeidh báisteach aca.Ní raghfaidh sneachta na bliana 1897 as cuimhne na ndaoine a chonnaic í go bráth. Thaínig sé ar chuaird chúcha lá 'le Brighde agus d'fhan ann ar feadh trí seachtmhaine. Bhí sí bladrach go leór leó i dtosach, acht i gceann dhá lá thosnuigh sí i ndaíríribh, go dtí go raibh aoirde fir o'n dtalamh, innti, agus i bhfad níos aoirde. Ní raibh na daoine ábalta(continues on next page)