School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 240
  3. XML “Bia”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ná aon gnó aca dhóíbh, agus cad a' máil liom a ráh ní bhíodh aon "dole" le fághail ag muinntir diomhaoin sa tsaoghal úd, acht leigint dóíbh géilleadh do bhreithe meala an bháis, nó bréíthre salainn na beatha. 'Seadh chun iompódh siad, chuireadh an bhean adhbhar an phocaire - císte beag - ar an mbórd agus chuireadh sí salann ann. Annsan gheibheadh sí bainne, bláthach dar ndóigh, agus chuireadh sí an sóid isteach sa mbainne agus chorruigheadh sí é. Nuair a bhíodh an císte déanta, bhíodh sé chómh buidhe le h-ór le méíd an tsóid. Maidir leis an te, d'órduigheadh an sagart ar an Altóír gan a thuille té do thabhairt do as corcán. Dheinadh na daoine soláthar chitil in áit éígin i gcóir lá an stáisiúin.
    Is amhlaidh a dheinidís an staimpí ná prátaí do sgríobadh ar ghráiteár, nó ar chloich gréine, sin cloch bán neamhcotram in a bhfeadfaí prátaí do sgríobadh air. Nuair a bhíodh na prátaí meilte gheibhtí éadach glan, agus deintí iad d'fhasgadh chun an uisge a bhainnt asta. Chuirtí an t-uisge i gcoimeá agus thuiteadh stailc go bonn an Áruis as. Chuirtí na prátaí ar an mbórd annsan, agus chuirtí beagáínín salainn tríotha. Chuirtí ar an ngreideal annsan é, agus bhíodh sé na staimpí annsan. Ní i gcómhnuidhe a bhíodh an staimpí le fághail, agus prátaí nó praiseach a bhíodh mar breicfeast ag na daoine. B'fhéidir go mbeadh leabaidh maith prátaí curtha ag fear an tighe ar maidean sara mbíodh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish