School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 290

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 290

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 290
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhíodh an buaiceas greamuighthe le tarraingí thíos i dtóin an mhúnla agus bití ag caitheamh na goire isteach le muga go dtí go mbíodh an múnla lán go béal. Cuirtí ag fuaradh ansan é lasmuigh de'n bhfuinneóig agus i gceann chúpla uair 'a cluig, bhíodh sé ullamh le na lasta.
    B'shin deámhas a bhí an-tabhachtach san sean-aimsir, ná déanmhad na rópaí, n ó casadh na súgán mar a glaodhta í air. I ndeire an Fhóghmhair nuair a bhíodh an fionán nó an easair sléíbhe go breagh tirim buidhe, bailightí beart mhór de isteach san iothalainn agus cuirt í cúpla leithead maith láídir anuas air agus fágtaí mar sin é go dtí mí Deire Fhóghmhar. Is ansan do thosnuigheadh fear a' tíghe ar na súgáin do leogaint. Suideadh sé ar stóilín agus bhíodh gabhál fionán 'na thímcheall agus dorn de ar a gluainibh agus bhíodh sé a leogaint tré 'na mhéireannaibh agus duine des na páistí dá casadh ar a dhícheall le cruacán agus é ag druidim amach nó ag druidim siar de réir mar bhíodh an súgán ag dul i bhfaid. Bhíodh ar an bpáíste bheith an-aireach is gan casadh ró-mhear le h-eagla go mbriseadh an súgán nó go dtiocfhadh casairníní air. Do réir mar a bhíodh an súgán casta deintí iad do dhéanamh i gceirtlíní mhór reamhar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish