School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 427
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar Bhualadh an Chluig:-
A Thighearna tabhair grásda dhom an saothar so do dhéanamh chun do ghlóire se,chun leasa m'anamna, agus do réir mar atá orduighthe agatsa.8. Taréis Oibre:-
A thighearna cuirim an saothar so fá choimirce do Chroidhe ró-naomhtha, agus beirim suas duit é i gcompáirt led' chuid saothair mórluaigh féin. Amen.9. In Am Trioblóide;-
A Íosa sár mhilis is tusa mo choimirce agus mo neart in am an chatha, is Tú mo gháirdeachas le linn an tsonais. Ó Déonaig fuascailt ort ins an gcruadhchás so.10. Paidir t'réis Aifrinn:-
Guidhimís, a Dhia ár gcoimirce agus ár neart, Féach anuas le taitneamh ar do dhaoinibh atá ag éigeamh ort, agus tré eadarghuidhe na Maighdine Ghlórmhaire neamh-thruaillighthe,Muire Máthair Dé, tré impidhe a chéile Naomh Iosaiph, na nAspol Naomhtha Peadar agus Pól agus na Naoimh uile. Éist go trócaireach ceannsa linne atá ag guidhe chughat dh'á iarraidh ort grásta na h-aithríghe do bhronnadh ar ár Naomh Mháthair an Eaglais.
Trí an Íosa Chríost céadna .Amen.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Mhuineacháin
- Gender
- Female
- Informant
- Brighid Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Occupation
- Baintreach
- Address
- Acres, Co. Kerry