School: Imleach Droighneach (roll number 14085)
- Location:
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Imleach Droighneach
- XML Page 304
- XML “Ceann Eich”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí ghaisgéach i gCeann-Eic fadó. Dómhnall Ó Súilleabháin an ainm a bhí air ach glaodhaidís Dómhnall Ceann-Eich air amr bé fé ndeara Ceann-Eic do glaodach ar Cehann-Eich.Do bhí each fiadhain i mbealach Oisín agus do bhí scannrad air na haoinne roimis.Do chuireadar fios air Dhomhnall agus súid soir an bóthar é gan scáth ná eagla air.Nuair a bhí sé ag teacht i gcómngar an chnoic do rith an each na choinnibh ach má dhein bhí Dómhnall gilic a dóthain do. Do thairring sé a chlaideamh agus bhí cogad annsan.Do bhí lámh uachtar ag Dómhnall. Do bhain sé an ceann den each agus bhuail sé air a dhrom é agus chaith sé i gcoireal i bpáirc na gcaorach é. Tá an coiréal ann fós agus sé an ainm a tugtar air ná chloigeann Ceann-Eic agus Ceann-eic a glaodthar ar an mbaile.
- Collector
- Roisín Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Informant
- Padraig Aosta Ó Carrún
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Address
- Ceann Eich, Co. Kerry
(no title)
“Bhí fear shoir i gCománs gur b'ainm do Sean na bpucaí air...”
Bhí fear shoir i gCománs gur b'ainm do Sean na bPucaí air agus bhí sé ráidthe go mbeadh sé i dteannta na bpucaí.Bhiodh sé ag deanamh leigheas do dhaoine go mbíodh easbadh sláinte ortha. Chualaidh sagart na parroisde é agus tug sé bearradh dho ó'n altoír Domnach mar(continues on next page)