School: Imleach Droighneach (roll number 14085)

Location:
Imleach Draighneach, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 319

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 319

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Imleach Droighneach
  2. XML Page 319
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear i mBaile an Sgeilg fadó go raibh sarabhála fachta aige on tiagharna talmhan...

    .......cun é cuir amach as a chuid talmhan. Ní raibh pinginn de'n chíos aige agus mo ghroidhin go deó é! ní fheadfadh sé é a soláthar in aon bhall i gcóir an tighearna agus im briatharsa féin ná raibh sé ag codhladh na h-oidhche in aon chor mar cheap sé go gcuirfí amach as a chuid talmhan é.
    Do taidhreamh sé go raibh an chíos thiar i mBaile an Sgeilg in áirde ar fhalla. Do taidreamh sé airís an tarna oidhche go raibh sé ann agus dul siar. An triomhadh oidhche bhí an taidhreamh ceudhna aige agus a mbasa gur imthig sé fé na dhéin i lár na h-oidhche féachaint an fíor é mar sgéal.
    Dhein sé fé dhéin na mhainistireach san áit gur taidhreamh do é. Ní raibh aon phinginn ann ach an cíos. Ní raibh pinginn fé na pinginn thairis.
    Tháinig sé abhaile agus d'imthig sé ó dheas go Neidín ag triall ar an dtighearna agus thug sé an oidhche ag dul ó dheas. Nuair a bhí an chíos díolta aige annsan, d'iompaigh sé abhaile airís agus thug sé an oidhche ag siubhal ag teacht airís. Ní raibh aon airgead aige cun go stadfhadh sé cun lóisdín do thógaint. Cheap sé go mbéadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nell Ní Shiochfradha
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Ceann Eich, Co. Kerry
    Informant
    Míchteál Aosta O Conaill
    Gender
    Male
    Age
    Over 70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Meall na hÓn, Co. Kerry