School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 275
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do tríallais go maith dómhsa anocht agus mo bhróg do coiméad dom agus caitfeadsa rud éigin do dhéanamh duit. Dúbhairt sé leis annsan dul ag déanamh an tíghe in na leitheíd seo de bhall i bpáirc áirighthe 'na raibh cnupóg na lár agus an tig do dheanamh ann. Do thosnuig an fear ag déanamh an tíghe agus do fúair sé próca beag óir a dhíol as an tig do agus do bhí gach aón níd ag eirighé go mait leis san tig núadh as san amach.
- Sagart óg a bhí in Ínse Geimleac uair. Chuaidh Pádruig Mac Íarainn isteach in a tigh lá. Thug an sagart braon beag dó i ngloine. D'fág Pádruig tamall ar an mbórd é.
"Ól suas é a Phaddy" arsa an sagart, "tá sé go maith, ta sé sin seact mbliana d'aois." D'árduig Pádruig an gloine agus d'feac air. "Má tá a athair ar seisean is beag d'fas sé"- Collector
- Lil Ní Íde
- Gender
- Female
- Informant
- Donnchadh Ó Buachalla
- Gender
- Male
- Age
- c. 80
- Address
- Cathair Daithí, Co. Cork