School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 349

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 349

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 349
  3. XML “Peil agus Iománaíocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Seán Ua Céilleachair, Dómhnall Ó Rioghbardáin, Allain Ua Ríoghbardáin, Seán Ua Suilleabháin, Domhnall Mac Cára, Donncadha Ua Conaill, Diarmuid Ó Iarluithe, agus Pádruig Ua Bhuacalla.
    Bhíodh bodhlaí leis dá imirt sa pharóíste seo le cuimhne an té is sine ann fé láthair. Bhíodh sé ag imirt ag óg agus aosta cómh maith leis na fir ba treise. Bhíod a mbothar féín ag gach dream acu. Bhíod na cros bhóithre ag na garsúin, agus na sean daoine, agus na bóíthre móra publaí ag na daoine óa fásta. Bodhla fiche únsa a bhíod ag na garsúin óga, ceithre úmsa ficead ag garsúin sé bliana déag, agus ag na sean daoine, agus ocht n-únsaí ficead ag na fir láidre.
    Bhíod an trí dreama so ag imirt gach Domhnac agus lá saoire i rith an t-Samhraidh. Seo mar a deintí an imirt. Cuirtí beirt fhear fhógra cun beirt eile cun scór bodhlaí d'imirt ar an Domhnac a bheidh cughainn. Thagadaís Dé Domhnaig agus bhíodh míle slíghe acu imirt. Scilling an duine a bhíod mar gheall acu. Ní bhíod síos ach pinghini ag na garsuín. Is minic d'imir beirt go mbíodh cáil mór ortha ó dá pharóiste sgóir a bhíod trí míle ar fad agus bhíod púnt, agus go minic breis mar geall síos acu. Do bhíod sluaighte móra ag feuchaint ortha san, agus gach treibh ag cur gill ar son a nduine féin. Tá imirt na mbodhlaí fós ann, ach níl sé sa cheanntar so cómh mór agus bhíodh dachad bliadhain ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Cathair Daithí, Co. Cork