School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 352
- XML “Tithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhíon ortha.Seo mar cuireadh ceann ortha. Bhí coillte an uair sin ar fuaid na paróisde, fuaradh an t-adhmad ins na caoilltibh, cuireadh rachtaí ar bhárr an fhalla tuairim dá throig ó chéile le taobhaín. Nuair bhí an t-adhmad ar an dtig baineadh sgraith mór fada righin i móinteán fiadhain agus cuireadh anuas ar an dtaobhaín é cun go mbead greim ag na sgoille a cuirtí tríd an díon.Mar a dubhart cheana tuighe cruithneachtan (?) bhíodh mar díon ar na tighthe seo. San am san bhí mór chuid cruithneachtan ag fás sa pharóíste, mar bhí sé mar bíadh i dteannta (?) prátaí ag na daoine, agus an méid nár oir dóibh féin díóltaí é chun an t-airgead a thabhairt do'n tighearna talmhain. Nuair bhí an sgraith sochair ar an taibháin chuir an dionadóír an tuighe ar na sgraitheaca.Bhí fuinneog beag ins gach seómra agus aon doras amháin chun dul isteach sa tig. Bhíodh leath doras ann leis agus coimeádtaí an leath doras dúnta ach bhíodh an doras mór oscailte i gcómhnuidhe. Sa chistin a bhí an doras, agus bhí fráma leis fé mar tá fé láthair, ach bhí na fuinneóga ana(continues on next page)
- Collector
- Neans Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cathair Daithí, Co. Cork