School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 358
- XML “Na Tithe a Bhí i gCrois Baile Uí Bhuaigh faoin mBliain 1864”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)atá ann fé láthair. Bhí tig eile i gclós an tséipéil san am san, tig an tsagairt óig, tig fada caol ceann slinne do b’eadh é. Ar an dtaobh thúaidh do bhí sé tamall beag anúas ó doras an tséipéil. Bhí cúig seomraí deasa ann. Ní raibh aon tig ag an sagart paróiste san am san sa paróiste mar ba gear roimhe sin ó bhí an ball so agus Baile Mhúirne in aon paróíste amháin agus i Baile Uí Bhúaidh do chónaigh an sagart paróiste, sa tig go bhfuil Maittéas Ua Conchúbhair ann fé láthair.
Tamall súas ó clós an tséipéil bhí dhá thig cínn tuí, ceann aca ag an ngabha, Diarmuid Ua Rinn, agus ceann eile ag Dómhnall Ua Liatháin,fear go raibh siopa beag aige ann.
Níl pioc díobh sa ann anois. Bhí an tig go bhfuil Díarmuid Mac Cártha ann anois san am san leis ach gur cuireadh ceann núa air agus seómra breise. Sean Bríun greasaí a bhí ann.(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Argáin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 80
- Address
- Cathair Daithí, Co. Cork