Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(2) Tobar Bhricín i gCró-BhótháinTá an tobar san i móinfhéar le BeanUí Connmara. Baintreach is eadh í mar do bhadhadh a fear céile ag dul isteach go h-Oileán na Tragha (Shore Island) cúig bliadhna o shoin no mar sin. Bhí (?) aici darbh ainm "Coffey". Aon lá bhí sé sa mhóinfhéar na bhfuil an tobar beannuighthe ag deanamh a chuid oibre. Bhí sean tor inaice an dtobair agus do (?) sé é. Níl le neamh-shuim a dhéin sé an méid sin ach le dúil an móinféar do glanadh.An mhaidean 'na dhiaidh sin bhí (?) amach 'na chuid croiceun ó bhárr a chinn go bun a gcos. Cuireadh fios ar an ndochtuir. Do thug sé comhairle do fanamhaint sa leaba agus do dhein sé a dhicheall é do leigheas ach do theip air sin a dheanamh. Bhí sé (an (?)) sínte ar fhleasg (?) a dhroma ar feadh trí seachtmhain agus gan an leigheas da laighead air.Fé dheire do dhein a bhean machtnamh leí féin. Dubhairt sí go raghadh sí fé dhéin an tobair chun paidreacha a rádh ann agus chun a h-athcuinge a chur chun Dé go leigheasfadh sé a fear céile in onóir roimh an dtobair beannuighthe (Ní riabh fhios aici an t-am sin ainm an naoimh). Do dhein sí mar abhí ceapaithe aici agus do chuaidh sí fé dhein an dtobairAr mhaidean 'na dhiaidh sin bhí biseac ar an (?) agus ón lá sin amach bhí sé ag dul ibhfeabhas go dtí go raibh sé chomh mhaith agus a bhí sé riamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Gharraí
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir