School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall a dachad bliadhain ó shoin, bhí fear darb' ainm do Mícheál Ua Tuama na chómhnuidhe an Ínse an Cúis. Aon oidhche amháin bhí sé féin agus fear eile ag dul ag sgoruidheacht go tig eile abhí timcheall míle ó na thig féin.
B'éigin. B'fhéidir dóibh dul thar scoil aus bhí "arch" ann agus bhí droch-ainm ar an áit. Nuair a bhíodar ag gabháil thar an áit chonnacadar an bhean agus bhí fhios aca nár bhean saoghalta í. Bhí casán ag dul síos chun na h-abhann agus is síos ansan a chuaidh sí.
Lean Mícheál í ach níor lean an fear eile in-aon-chor í. Nuair a thanadar chunn na h-abhann d'imthig sí as a radharc. Chuaidh sé abhaile..
An lá 'na dhiaidh san bhí sé ag obair sa ghairdín ar an dtaobh thiar de'n tig agus do rugadh air agus do chaitheadh de dhruim a' tíghe go dtí an thaobh eile. Níor gortuigheadh in-aon-chor é ach an maidean 'na dhiaidh san bhí sé breóite agus níor fhéad sé eirighe.
Bhí sé sa leabaidh ar feadh seachtmhaine nó mar sin agus fuair sé bás agus gan é ach timcheall triochadh seacht bliain d-aois. Nuair abhí sé 'á thórramh do h-airigheadh an gol timcheall an tíghe. Deireadh daoine gurab' amhlaidh a tháinig an bhean a chonnacadar an oidhche sin, gurab' amhlaid a tháinig sí sin chun é a bhreith léi.- Informant
- Tadhg Ua Donnchadha
- Gender
- Male