School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 296

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 296

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 296
  3. XML “Leigheaseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    34) Bualach úr bó do chur le nioscóidí chun iad a leigheas.
    35) Dá mbeadh craobh-abhar ar dhuine, fáinne óir do chimilt leis naoí maidne in dhiaidh a chéile ar chéadlachan.
    36) Nuair a ghearradh na sean-daoine a gcos nó a lámha 'sé an rud a chuirfidís leis ná an lus mór.
    37) Dá mbeadh gairt ag duine, dá bhfaghadh sé aidhneáin agus é a théigheadh leis an dteine go dí go mbeadh bog agus é a chimilt leó (?) agus leighisfí iad.
    38) Dá ngortóchadh capall a chos 'sé an rud is ceart é a ghlanadh leis ná uisge te agus salainn.
    39) Dá mbeadh créacht ana thinn ag duine agus dá mbeadh sreamh ag teacht amach as do tarraingeóchadh lus-mór go breágh é.
    40) Dá mbeadh créácht ana thinn ag duine agus dá mbeadh sreamh ag teacht amach as do tarraingeóchadh lus-mór go breágh é.
    41) Dá mbeadh gairt ag duine siubhal ar an ndrúcht agus d'imtheóchaidís.
    42) Chun gairt a leigheas an biolar a bhíonn ag fás in aice na h-abhann a bhailiúghadh agus é a chimeád go dtí go mbeadh sé tirm agus ansan iad a cur leis an dteine go mbeadh sé bog agus iad a chur leis na gairt.
    43) Dá mbeadh píosa turnap stopaithe i sgórnaig na bó bata d'fhághail agus é a chur 'na sheasamh istig 'na béal agus duine go mbeadh lámh beag aige, é a chur siar agus an thurnap a thabhairt amach.
    44) Dá mbeadh gadhar ag rith fiadhain, nuair a bheadh sé tuirseach traochta, thuitfeadh sé ar an dtalamh, ansan píosa dá cluas a ghearradh agus leogaint de'n fhuil teacht agus do leighisfí é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Cuill
    Gender
    Male
    Age
    55
    Occupations
    Feirmeoir
    Saor
    Address
    Na Millíní, Co. Cork