School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí muinntir Corcoráin 'na gcómhnuidhe in Gort Luacra i gCo. Ciarraighe timpall seasga bliadhain ó shoin. Thárla go rabhadar ag déanamh cleamhnais.Tháinig muinntir an cailín go tig an bhuachalla, chun an fheirm a fheisgint. Sean-duine agus triúr buachaill abhí ins an tig. Chuaidh na buachaillí amach agus mharbhuighdear caora agus chrochadar suas é. Bhí muinntir an cailín ag maghadh fútha. Bhí an sean-duine sa chúinne agus ní dubhairt sé pioc.Chuadar amach sa coill agus mharbhuigheadar fiadh agus thugadar isteach é. Ní raibh na cailíní ag magadh an turus so. Bhí abha in aice an tíghe agus chuadar amach agus thugadar isteach bradán agus do chrochadar suas é.Thosnuigheadar ag tomadh na caorach. Ní raibh na cailíní ag magadh fútha. Bhí an sean-duine sa chúinne agus é ag féachaint ar gach aon rud. Nuair a chonnaic sé go raibh na cailíní ag magadh ar dtúis. Dubhairt sé mar seo:-"Is mairg ná cnósuigheann ciall,
Is ná cuireann srian le 'na ghuth.
Anois nuair a tháinig an bradán is an fhiadh,
Is maith an biadh an caora dubh."
Sláinte an bradáin:- Croidhe foláin agus gob fliuch.- Informant
- Tadhg Ua Donncadha
- Gender
- Male