School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 349

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 349

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 349
  3. XML “Fear Maith Is ea Dia”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair agus fear greannmhar ab'eadh é. Níor dhein sé gnó Dé, moladh go deo leis ná níor sé obair an diabhail. Aon lá amháin bhí sé ag gabháil thar abhainn agus bhí sé i mbaoghal báithte. Thosnuig sé ag guidhe chun Dé agus 'á rádh "Fear maith iseadh Dia." Ar ball do chuimhnig sé ar an ndiabhal agus dubhairt sé leis féin go mb'fhéidir go mbáithfeadh sé sin é, agus thosnuig sé 'á rádh "Fear maith iseadh Dia ach ní droch-duine an diabhal leis." Tháinig sé slán that an abhainn. Tar-éis roinnt bliadhantha fuair sé bás.
    Tháinig sé go geataí na bhflathas ach ní leogfadh Naomh Peadar isteach é toisg nár dhein sé gnó Dé ar an saoghal so. "Cá raghad mar sin?" arsan fear "Síos go h-ifrinn" arsan Naomh Peadar. D'imthig an fear leis go brónach. Shrois sé geataí ifrinn. Tháinig an diabhal amach cuige. "Ní leigfead" arsan diabhal "Cad 'na taobh?" arsan fear "Mar nár dheinis mo ghnó nuair a bhís ar an dtalam" adubhairt an diabhal leis.
    D'imthig an fear leis suas go neamh agus bhí Naomh Peadar ag an ngeata roimis "Conus a eirig leat?" arsa Naomh Peadar "Cad 'na taobh nár fhanais síos?" D'innis an fear a sgéal do. Dubhairt sé leis ansan bheith ag dul timpal an domhain ag déanamh aphionóis agus go mb'fhéidir go leogfaí isteach é an lá déanach. Tá an fear san ag dul timcheall an domhain ó shoin 'na sprid.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ua Donncadha
    Gender
    Male