School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 356

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 356

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 356
  3. XML “Diarmuid agus a Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear darbh ainm do Diarmuid Ua Muimhneacháin 'na chómhnuidhe i mBaile Mhúirne suas le céad bliadhain ó shoin. Bhí sé pósta le bean darb ainm di Siobhán. Bhí sí ana óg agus ní raibh sí ró shlachtmhar in aon-chor mar ciméadaidhe tíghe. An lá so bhí sé 'na shuidhe chun dinnéir. Buic bána a thugaidís ar na prátaí an uair sin. Bhí an cabáiste beirbhighthe san corcán agus b'shin nós abhí aca an uair sin báisín de bharra an bainne a chur ag ullmhú an cabáiste. Cabáistín cnag a ghlaodhaidís air san.
    Pé sgéal é, bhí an bhean ana leadránach agus dob' fhada leis an bhfear go raibh an dinnéar ag teacht cuige. Bhí na prátaí ar an mbórd ach ní raibh an cabáiste ag teacht cuige. Fé dheire do tháinig fearg air agus dubhairt sé léi mar seo:-
    "M'ochlán a Shiobhán tú a ghlachadh go h-óg,
    Tá an boc bán im' dheas-láimh is é ag scoltadh le scóip
    Tá an cabáiste san corcán is an bainne 'na chóir,
    Tá an cupán is an sliogán ar mearathal fós."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ua Donnchadha
    Gender
    Male