Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó i seadh bhíodh an Gobán so ag imtheacht ar fuaid ns hÉireann a tógaint caislean dos na righte go léir. Agus ga' haon chaisleán a thóg sé bhí an chéad cheann eile a thóg sé ibhfad ní b'fhearr agus ní ba dheise.
Uair amháin thóg sé caisleán do Rí Laighean. Ansan chuir Rí Mimhan fios air chun caisleán a thógaint do féin, mar nár mhaith leis go mbeadh caisleán ní ba deise ag aoinne eile ná mar a bheadh aige féin.
Nuair a bhí an caisleán tóicithe aige, "Tá san go breágh" arsaidh an rí. "Ní fheadar an bhfaghfá feabhas a chur ar an gcaisleán san?".
"Ní bhfaghainn", ars'an gobán "agus ní dóigh liom go bhfaghaidh mé aon ceann eile a dhéanamh go deó arís a bheidh chún deas leis"
"Dé cúis é sin?" ars'an rí.
"Bheul", ars'an Gobán, "bhí an obair san chún deas san orm gur dóigh liom go bhfuil mo meabhar is m'inntinn tar éis dul i laige dá bhárr".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Bruadair
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge