Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 384
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air riamh ó shoin.
Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh. - Do bhí fear ann fadó agus do chuaidh sé síos go dtí an trá ag bailiú trioscair an oíche seo. Ní raibh sé i bhfad shíos ann nuair a tháinigh corp isteach. Do tháinigh an chorp an-ghairid don bhfear agus do chonaic sé é. Do thóg sé abhaile é agus dhein é thóramh. Do chuireadh an chorp anseo agus do bhí gach rud ag dul chun cinn go maith go dtí gur chuaidh an fear go dtí an trá arís fé dhéin trioscair. Nuair a bhí sé tamall shíos ann do tháinigh an diabhal taobh thiar de agus do bhí chun é do marbhú ach do tháinigh sprid an chuirp taobh thiar den diabhal agus do sháigh scian isteach tríd a dhrom agus do mhairbh é.
Ansin dúirt an sprid leis an bhfear dul abhaile agus gan teacht go dtí an trá go deo arís agus níor tháinigh .
Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh. - Do bhí fear ann fadó agus an maidin seo chuaidh sé amach ag fiach agus do d'fhan sé ar fiach ar feadh an lae agus um thráthnóna do bhí sé an-dorcha agus do chaill sé an chasán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Cuilliú
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Treó
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 70
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge