Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 387
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí gach rud ag dul chun cinn go maith annsan ach tamall beag ina dhiaidh sin do bádhadh an fear.
- Bhí feirmeoir ann fadó agus ní bhfuigheadh sé aon im a dhéanadh as a bainne. Cuir sé fios ar an sagart ach ní bhfuigheadh sé aon rud a dhéanamh dó.
Do chuaidh sé fé dhéin na mba an mhaidean seo agus do bhí cú aige. Níor bhfada do ann nuair do chonnaic sé girréadh istigh sa pháirc agus do lean an cú é. Do chuaidh an girréadh go dtí a thig féin agus an cú taobh thiar di. Nuair a bhí an girréadh ag dul isteach an fhuinneog do rug an chú uirthe agus bhain sí greim ar a cois. do chuaidh an fheirmeoir isteach sa tigh annsan agus do chonnaic sé sean-bhean ann agus do bhí a cois ag tabhairt fola.
A dubhairt an bhean leis annsan gurbh í féin a bhí ag déanadh na bpisóg ach ná déanfadh sí a thuille é. - Do bhí tiarna talamh in Árd Mór fadó agus sé an ainm a bhí air ná Henry Bagge. Nuair do fuair sé bás biodh a sprid ag imeacht timpeall ag cur eagla ar gach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Cuilliú
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Treó
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 70
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge