Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 466
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus téigh sé ag imirt cártaí gach aon oíche.
An oíche seo bhí sé ana-dhéanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile agus chuaidh sé treasna na páirce. Chonaic sé sprid mhór ag dul timpeall na páirce. Tháinigh an-eagla air agus rith sé abhaile comh mear agus a bhí aige.
An oíche sin fuair a mháthair bás. Níor chuaidh an fear ag imirt cártaí riamh ina dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Peig Ní Chuilliú
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Treó
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Oíche amháin shuí sé féin agus a bhean cois tine. I lár na hoíche d'oscail an doras agus tháinigh madra mór dubh isteach agus ní rabhadar ábalta é a chur amach. Bhíodh sé mar a chéile gach aon oíche.
Téigheadh an fear agus a bhean a codladh luath gach aon oíche as san amach mar bhí a fhios aca gurbh é an diabhail a bhíodh ag teacht isteach gach aon oíche. - Do bhí bean ann fadó agus chuaidh sí ag féachaint ar na ba gach maidin.
Do chonaic sí an fear beag ag dul i meacs na mba agus caipín dearg air. Do tháinigh eagla uirthi agus rith sí abhaile agus dúirt sí leo an rud a chonaic sí.
Bhí ór i bpáirc a bhí gairid don tigh agus dúirt an t-athair leis an dhá mhac teacht leis an oíche seo. Do chuaidheadar an(leanann ar an chéad leathanach eile)