Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 470
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó. Sé an ainm a bhí air ná Seán Ó Briain. Lá amháin chuaidh sé amach sa pháirc ag treabhadh. Chonaic sé mála gairid don chéachta. Beir sé air agus d'fhéach sé isteach ann. Cad do bheadh istigh ann ach é lán de uibhe.
Thóg sé abhaile é. Dúirt sé lena bhean gur piseóga abhí ann. An oíche sin chuaidh sé síos go dtí an tobar fé dhéin uisce.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí sé ana-dhorcha. Chonaic sé bean an tighe ar an gclaidhe.
Lean an bean é. Rith sé abhaile. Nuair a éirigh sé ar maidin d'it sé a bhricfast.
Chuaidh sé amach fé dhéin na mba. Nuair a thóg sé isteach iad ní raibh aon bainne aca ach fuil. Ní raibh aon bainne acu a thuille ansan. Ansan cheannaigh sé trí ba eile.
Lá amháin bhí sé ag déanamh an ime. Ní bfhuighbheadh sé é dhéanamh a thuille.- Bailitheoir
- Siobhán Ícidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ícidhe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Bhí fear ann fadó. Sé an ainm a bhí air ná Tomás Paor. Oíche amháin d'éirigh sé ag a deich a chlog. Chuaidh sé síos go dtí an trá fé dhéin gainimhe.
Nuair a bhí an gainimh lán agus bhí sé ag teacht abhaile léim rud éigin amach thar an gclaidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)