Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 431
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shaibhre sa domhain.
Pós sé an chailín tamall ina dhiaidh sin. - Bhí Ár dTiarna agus a mháthair ag siúl ar an mbóthar lá. Bhí fear bocht ag teacht ina gcoinne agus d'iarr sé dhéirc ar Ár dTiarna. Chuir Ár dTiarna a lámh ina phóca agus thug sé scilling don fear bocht. Bhíodar ag siúl leo agus chonaiceadar fear bocht eile ag teacht agus d'iarr sé deirc ar Ár dTiarna. Níor thug sé ach pingin don fear sin. D'fhiafraigh an Maighdean Mhuire de dé chúis a thug sé scilling don fear láidir ach níor thug sé ach pingin don bhfear eile a bhí lag. Labhair Ár dTiarna agus arsa sé "An chéad tigh ósta a chífidh an fear a thug mé an scilling dó ólfaidh sé an t-airgead go léir agus beidh sé ag guí chun Dé scilling eile d'fháil, ach an fear bocht lag nár thug mé ach pingin dó beidh sé déanamh Dia agus duine dhe". Chuaidh Ár dTiarna agus a mháthair isteach go tigh feirmeora chun lóistín a fháil don oíche. Ní thabharfadh bean an tigh dóibh é ach bhí fear an tigh ana-shásta é a thabhairt dóibh. Nuair a bhí Ár dTiarna agus a mháthair ag imeacht ar maidin labhair Ár dTiarna agus arsa sé "Fear caoin bean bhorba chuir Íosa Chríost ag luí sa cholg".
- Bailitheoir
- Peig Ní Cuilliú
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maitiú Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge