Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 424
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann fadó agus do bhí roinnt leanbhaí aige. Do bhí sé an-bhocht agus sa deire d'fhág sé iad agus dúirt sé leo go mbeadh sé ag teacht abhaile tar éis cúpla bliain.
D'imigh sé leis agus sa deire chuaidh sé isteach go dtí bean feirmeora. D'fhiafraigh sé di an dtógadh sí é mar fear oibre. Dúirt sí go dtógfadh sí é go ceann bliaina agus seacht bpúint mar pá. Do bhí san go maith.
Do chuaidh an fear ag obair. Nuair do bhí an bliain caite aige do chuaidh sé go dtí an bean fé dhéin a thuarascáil. D'fhiafraigh an bean de cioca is fearr leis comhairle nó pá. Dúirt sé go bfearr leis comhairle. Dúirt sí leis gan dul a codladh in aon tigh go mbeadh sean-duine agus cailín óg pósta.
Bhí san go maith is ní raibh go h-olc.
Dúirt an fear leis féin ná raibh sé aon mhaith dó dul abhaile fós agus dúirt go bhfanfadh sé bliain eile. D'fhan.
Nuair do bhí an bliain caite aige d'fhiafruigh an bean de arís cioca bhfearr leis comhairle nó pá. Dúirt sé go bfearr leis comhairle.
Dúirt sí leis gan rud a dhéanamh inniú go mbeadh lathughadh air amárach.
Dúirt an fear ansin go gcaithfeadh sé dul abhaile pé rud a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cuilliú
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Treó
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge