Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 395
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé go dtí siúnéir oíche. D'fhanadar ag caint go dtí go raibh sé an-déanach.
Dúirt an siúinéir leis gan dul abhaile in aon chor. Ní raibh an fear sásta agus dúirt sé go raghadh sé abhaile. Do chuaidh an siúinéir síos go dtí an bóthar leis agus do chuadar isteach gairid don chlaidhe. Ní rabhadar i bhfad ann nuair a tháinigh an sluagh. I ndeire an sluagh bhí bean rua. Tháinigh an bean rua isteach go dtí an beirt aca agus bhí sí ag féachaint ar an bhfear ach níor dhein sé aon rud leis.
Tar éis tamaill nuair a bhí sí imithe dúirt an siúinéir b'reach é féin a bheith leis go marbhóchadh sí sin é. Dúirt an siúinéir leis ansan nach ghádh aon baol a bheith air anois. Do chuaidh an fear abhaile agus dúirt sé ná beadh sé amuigh déanach aon oíche eile.- Bailitheoir
- Séumás Móinbhíal
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge