Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 394
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Ní raibh aon rud le déanamh aige agus do chuaidh sé ag troid mar saighdiúr. Níor bhfada ina dhiaidh sin gur chuireadh scéal go dtí a mhuintir go raibh sé marbh. Do bhíodh sprid an fhir marbh ag imeacht timpeall gach aon oíche agus a cur eagla ar gach duine.
Aon oíche amháin pé scéal é do thóg fear ón áit gunna agus do chaith sé piléar leis an bhfear.
Dúirt an sprid leis an bhfear gurbh amhlaidh do mhairbh piléar céanna é agus ná rraibh sé aon mhaith a bheith ag caitheamh leis a thuille. Do bhí gach aon rud ag chur cinn go maith annsan ach cúpla lá ina dhiaidh sin do bhádhadh an fear. - Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chónaí sa gleann. Bhíodh sé cónaithe ag gearra crann.
Chuaidh sé amach sa choill lá agus chonaic sé crann mhór agus bhí sé an-árd. Fuair sé an fréimire agus an bhileóg agus chuaidh in áirde sa chrann agus thosnaigh sé ag gearra leis agus sé an crann a raibh sé na suí do ghearr sé agus thit sé síos agus bhris sé ghuala agus fuair sé bás tamall ina dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Seumas Móinbhéal
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge