Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 472
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanphaidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó. Bhí sé pósta. Oíche amháin bhí an fear ana-thinn agus fuair sé bás. Do thóg an bean go dtí an reilig é agus do chuir sí é. An uair seo gheobhadh gach aoinne chúig púint ón dochtúir ar aoinne a bheadh tar éis báis. Cuaidh cúpla daoine go dtí an reilig ar a dó dheag a chlog san oíche fé dhéin an fear marbh. Thógadar é go dtí an dochtúir. Nuair a bhíodar ag teacht amach an geata chonaiceadar bean ag teacht suas an bóthar. Dúirt sí leo go ndearfadh sí le na gárdaí ortha. Ní dúradar aon rud ach bheireadar uirthe agus chuireadar isteach sa poll í. Ní raibh sí i bhfad ann.
Tháinigh beirt eile fé dhéin an fear marbh. Nuair a d'oscladar an poll do leig an bhean screach aisti. Dúirt sí leo go bhfuigbeadh sí féin teacht suas. Chuir sí ana-eagla ortha ar fad. Ritheadar abhaile chun mear agus a gheobhaidís. Ní thángadar aon oíche as san amach.- Bailitheoir
- Siobhán Ícidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ícidhe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Éist, a Dhia tróchaire le hurnaighthibh do seirbhíseach ionnus dúinn do theangmhuigh le chéile i gcomhluadar na Coróineach ró-naomha seo na Maighdeana Beannaithe Muire Máthair Dé go mbeimís le na headarguidhe saor críochsa ós na comcabhairibh atá ós ár gcann de gnáth.