Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 420
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal - Piseog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an dochtúir bhí sé ina deidheanach agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chonaic sé daoine astig sa pháirc ag imirt peile.
Chuaidh sé isteach ach ní raibh aoinne ann. Tháinigh sé amach agus chuaidh sé abhaile agus chuaidh sé síos sa seomra. Nuair a chuaidh sé síos bhí an bhean tar éis bháis. - Bhí feirmeoir ann fadó agus ní bhfuigheadh sé aon im a dhéanamh mar do bhíodh duine éigin á thógaint chun siúl uaidh.
Chuaidh sé amach oíche Bealtaine agus do chonaic sé an giorraí ag rith timpeall na mba. Rith sé isteach agus thóg sé amach an péire coin a bhí aige.
Lean na coin an giorraí agus díeach nuair a bhí sé ag dul isteach an fhuinneóg bheir an chú ar a chos agus bhí sé ag tabhairt fola.
Chuidh an feirmeoir isteach agus bhí an bhean caite istigh ar an leaba agus a chos ag tabhairt fola. Ba í sin an bhean a bhíodh ag tógaint an ime uaidh agus d'iompaigh sí í féin isteach in giorraí.- Bailitheoir
- Mairighéadh Paor
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraig Paor
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge