Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 398
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dúirt sé leis dul ar a dhá ghlúin agus féachaint ar an rud a bhí amuigh sa bhfarraige. Nuair a bhí Con ar a dhá ghlúin rug an captaen air agus caith sé amach sa bhfarraige é.
Ní raibh puinn snámh ag Con ach tar éis tamaill chonaic sé bád ag teacht chuige. Bhí an fear a chuir sé fé dhfág sé chun dul go Seana Sheasna astig ann ach ní raibh fhios ag Con cé bhí ann.
Bhí Con i Seana Sheasna roimhe an captaen agus bean Chon.
Bhí an captaen agus bean Chon á bpósadh cúpla lá ina dhiaidh sin. Nuair a bhíodar ag siúl síos a t-srád lá i Seana Sheasna seasaigh Con amach rómpa.
Crochadh an captaen cúpla lá ina dhiaidh sin. - Bhí fear ann fadó agus théigheadh sé go h-Eochaill ana-mhinic.
Lá amháin chuaidh sé ann agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile thóg sé amach a phíopa chun é a deargadh. Ní raibh aon lasán aige ach chonaic sé tigh beag agus dúirt sé leis féin go raghadh sé isteach ann chun a phíopa a deargadh. Nuair a chuaidh sé isteah ní raibh aoinne istigh ach bhí tine ag lasadh ann. Bhí sé ag cromadh síos chun an píopa a lasadh nuair a d'airigh sé rud éigin ag rá 'och, ochón'.
Shíl sé gur sprid a bhí ann agus rioth sé chun siúl chun mear agus a bhí aige. Tamall ina dhiaidh sin d'airigh sé gur bean a bhí ann agus go raibh a fear tar éis bháis.- Bailitheoir
- Peig Ní Cuilliú
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maitiú Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge