Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 404
- XML “Long a Bádh”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí long ag teacht í áit éigint i Sasana roinnt bliaina ó shoin. Sé an ainm a bhí uirthe ná Teaser.
Ag teach go hEochaill a bhí sé le gual. Nuiar a bhí sí in Áird Mhór bhí an gaoth ag séideadh anoir. Bhí ceathrar istig sa long. Bhí cúpla bád beaga amuigh. Chuir duine des na fir a bhí ansan sa long soilse suas. Nuair a tháinigh na bád beaga isteach bhí na daoine go léir báite.- Bailitheoir
- Siobhán Ícídhe
- Inscne
- Baineann
- Bhí fear ann fadó. Sé an ainm a bhí air ná Seán Mhuirgheasa. Bhíodh sé i gcónaí ag treabhadh agus ar fuirseadh. Oíche amháin d'fhág sé a ceáchta amuigh. Nuair a chuaidh sé amach ar maidin bhí mála beag gairid don cheáchta. Bhí iongantas air. Bhí sé ag féachaint ar an mála. Cad do bheadh ann ach cúpla púnt ime. Thóg sé abhaile ansan é. Dúirt sé lena bhean gur fuair sé im. Do caith sí isteach sa tine é. Dúirt sí gur piseóga a bhí ann.
An maidin ina dhiaidh sin fuair sé uibhe. Nuair a thóg sé abhaile iad dúirt sí gur piseóg a bhí ann.
An maidin ina dhiaidh sin fuair an capall(leanann ar an chéad leathanach eile)