Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 428
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ina chónaí i gCo. Cill Choinnigh fadó. Do bhí sé an-shaibhir agus do bhí tigh breá aige. Ní raibh aoinne cloinne aige agus do bhí a mhuinntir go léir tar éis bháis.
Nuair do fuair sé bás níor d'fhág sé an áit aige aoinne agus do theigheadh fir óga isteach ann gach aon oíche ag imirt cártaí. Gach aon oíche nuair a bhídís tamall ag imirt thagadh sprid isteach. D'fhanadh sé tamall ag féachaint ortha agus ansan théigheadh sé suas sa seomra.
D'airigh buachall óg ón áit mar gheall ar an sprid seo agus dúirt sé leis na fir óga ná raibh aon mhaith ionnta gan dul suas tar éis an sprid agus dúirt sé go raghadh sé féin. An chéad oíche eile do chuaidh sé leo agus nuair a bhíodar tamall ag imirt do tháinigh an sprid isteach. D'fhan sé tamall ag féachaint ortha agus nuair do bhí sé ag dul suas sa seomra do chuaidh an buachaill suas ina dhiaidh.
Nuair do bhí sé tamall thuas do d'airigh an chuid eile fothrom éigin agus nuair do chuadar suas do fuaireadar an buachall tar éis báis. Níor chuadar ag imirt cártaí ansan riamh ina dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Seán Ó Cuilliú
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Treó
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 70
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge