Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 400
- XML “Seanphaidir a Dhéarfá Istoíche”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luighim sa leaba seo mar luighim san uaigh. Faoisidán go cruaidh leatsa, a Dhia. Cuirim m'anam ortha Dhia ná raghaidh mé ar a dhiaidh ort go bráth. Síné ort, a Mhuigheadan Beannaithe, cuirfidh mé m'anam ar do dheis láimh.
- Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar pósta. Seán a b'ainm don bhfear agus Máire a b'ainm don bean. Bhíodar bocht go leor agus bhí ana-chuid gabhair acu. Caith Seán dul gach aon maidin go dtí an chnoc fé dhéin na gabhair.
An maidin áirithe seo bhí sé an-fhluic nuair a bhí sé ag dul go dtí an chnoc. Chonaic sé fear ina seasamh i lár na páirce. Ní raibh aon cóta ar an bhfear. Bhain Seán a chóta féin de agus chuir sé ar an bhfear é.
An maidin ina dhiaidh sin nuair a chuaidh Seán go dtí an chnoc chonaic sé gur cloch a bhí ann. Thug sé cic dí agus leag sé í. Cad a bheadh sé a cloch ach cróca óir. Phioc Seán suas an cróca.
Rith sé abhaile agus d'inis sé le Máire cad fuair sé. Bhí áthas an domhain uirthe nuair a d'airigh sí an scéal. Thóg sí an tór suas sa seomra agus chuir sí fé ghlas ar an mbosca é.
Ansan dúirt sí le Seán gan é rá le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ícidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ícidhe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge