Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 434
- XML “Paidir”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)namhaid sinn idir chorp agus anam. Amen.PAIDIRA Mhaighdean ghlórmhar a Mháthair na Tróchaire. Chuirim mo dul amach, mo theacht isteach, mo luí, mo éirí amach, mo shúil glac mo lámh, labhairt mo bhéal éisteacht mo chluas.
Fé chomharaighe do lámh beannaithe ionas go d'taithneóidí go léir leo. Mac gradhach féin. Amen. - Bhí fear ann fadó agus bhí sé sórt aosta. Chuaidh sé go dtí an aonach lá agus bhí sé seacht a chlog san oíche nuair a bhí sé ag teacht abhaile.
Nuair a bhí sé ag dul suas ar an gclaidhe do chonaic sé run éingin dubh istigh sa pháirc.
Labhair an fear leis ach ní dúirt an rud dubh aon rud agus nuair a bhí an fear ag dul isteach an doras abhaile thit sé le leagachar agus cúpla lá ina dhiaidh sin fuair a mháthair bás.
Níor chuaidh an fear amach aon áit go deo arís.- Bailitheoir
- Peig Mheachair
- Inscne
- Baineann