Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 411
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt chailín ann fadó agus aon oíche amháin chuadar go dtí an siopa fé dhéin aráin. Nuair a bhíodar ag teacht abhaile bhí sé an-dorcha agus bhí eagla ortha.
Chuadar isteach go dtí tigh éigin agus bhí bean istigh agus dúirt sí leo suigh síos.
Nuair a bhíodar tamall beag istigh thug sí an suipéar dóibh agus dún sí an doras ortha.
Chuir sí ceann acu isteach i mbosca mór agus mharbhuigh sí í agus chuir sí an ceann eile ag obair.- Bailitheoir
- Cáit Mhaólchatha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolchatha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Aon oíche amháin bhí fear ag teach abhaile ó aonach agus bhí braon ólta aige. Bhí cuid maith airgid aige.
Chonaic sé daoine istigh sa pháirc ag imirt peile. Chuaidh sé isteach agus ní raibh aoinne ann.
Bheir sé ar cloch agus shíl sé gur liathróid(leanann ar an chéad leathanach eile)