Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 900
- XML “An Chuigeann”
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní imbairille a deintí an tím fadó in-aon cor act i meidir. Déanamh cuigine a tugtaí ar an obair sin . Nuair a bhídthí cun ím a déanamh cuirtí an uachtar isteach sa mheidir ar dtúis. Do bhíodh loinithe ann cun an uachtar a bhuaile. Do bhídthí ag buaileadh an uachtar síos suas leis an loinithe go dtí go mbíodh an t-ím déanta. Nighidís an t-ím annsan agus chuiridís isteach i soitheach ar a tugtaí feircín é.
Soitheach adhmaid a bheadh an meadar. Bhíodh sé caol na bhárr agus leathan 'na bhun. Do bhíodh clúdach air agus poll na lair cun an loinithe a chur síos tríd.- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhuirchearthaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Muirchearthaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
- Meadara is mó a bhí anso fadó cun cuigeann a dhéanamh. Bairille is mó atá anso anois. Bíonn an meadar crúinn, bíonn sé leathan ag a bhun agus bíonn sé ag caolúghadh suas air. Bíonn loinithe ag déanamh na cuiginne, maide fada agus piosa adhmaid crúinn ag bun an loinithe agus puill ar an adhmaid. Cuirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)