Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 138
- XML “Seanscoil”
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Suás le céad bliadhan ó shóin. Bhí sean-scoil thíos i Rúsg in Eadragoil. Do bhí múinteóir ann, agus do ghaoidís an sean-mháighistir air. Dómhnall ó Súileabháin a b'ainim dó. Do cómhnuidh sé i gCrota. Ní raibh aon pháig aige, acht do thabharfadh na daoine prátaí agus rudaí eile dó. Úaireanta ní bhíodh acht naoi nó deich scoláirí ag dul ar scoil ann. Tá an sean-scoil ann i gcomhnuidhe agus tá sé ag muintir Séan ó Súileabháin anois.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Séan Ua Suileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Tímpeall caogad blian ó shin tháinig Máistir rínnce tímcheall áit seo ó Ciarraighe chun scoil rínnce do chur suas. Bhí sé tamaill ag cuardach do thig sar a bhfúair sé é. Fé dheire fúair sé tig sa Cúiléarach shíos in aice na fairrge. Ba ghearr go raibh mórán scoláirí aige ag foghluim rínnce agus bhí bhiedhlín aig [?] chun seinnt. Ins an am san ní raibh na daoine chómh maith chun foghluim agus a táid anois. Ar éigin d'athain aoinne achu a chos dheas ón gcois clé. B'éigin don Máistir rínnce súgán féir agus súghán tuighe do dhéanamh agus an súgán féir do chuir ar an gcois dheis agus an súgán tuighe a chur ar an gcos clé. Núair a teastuig uaidh rínnce leis an gcois(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí