Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Cúilín Lomáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Timcheall dachad blian ó sóin bhí feirmeóir bocht na chómhnuighe na aonar sa Chúm. Cia na raibh aige acht feirm fluich fiadhan bhí air cios trom a dhiol le tighearna tailimh na háite, White. Tháinig blian nios measa na chéile air agus ní raibh ar a chumas an cíos do dhiol agus chuir maor an tighearna, Bird a b-ainm do, na baillí chuige agus bhaineadar seilbh na feirme dhe agus chaitheadar é fein amach ar thaobh an bhóthair.
    Ní raibh aon áit cómhnuighthe ansann ag an bhfear mbocht acht ag brath ar chómharsanaibh a bhí geall leis cómh bocht leis fein, i dtreó go raibh sé na geilt geall leis sara bhfada. Pé áit na sholáthruig sé piostal do chuaidh sé isteach go Beanntraighe lá agus isteach leis go oifig an mhaoir. Tamall beag na dhiaidh san fuarathas Bird marbh istig san oifig. Bhí rí rá mor i mBeanntraighe an lá san. Ní fheacathas aoinne ag deunamh an gnímh acht bhí na póilíní amhrasach i dtaobh Ceadogáin. Gabhadh air agus tugadh os cóir na cúirte i gCorcaig agus i mBaile Cliath é. Tar éis tamaill fada daoradh chum báis é agus crochadh é.
    Cia go bhfuil sé dachad bliadhan ó crochadh é maireann a ainm fós timcheall na háite seo agus cuimhineóchfar go deo ar mar gheall ar an gaisce a dhein seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua hEaluighthe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    92
    Seoladh
    An Fearann Fada, Co. Chorcaí