Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 193
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Cad é an rud é seo? téidheann sé timcheall na coille agus timcheall na coille ach mar sin féin ní théidheann sé isteach sa choill choidhche - croiceann an chrainn2. Cad é an rud é seo? Tá soitheach lán ach mar sin féin is féidir leat níos mó a chur isteach ann - pota lán do phrátaibh sul a cuirtear an t-uisce isteach ann3. Cad é an rud é seo? tá ceann mar mhéarchán air agus earball cosamhail le franncach - píopa i gcóir tobac 4. Cad é an rud ná cuireann aon cheist ach a fhreagaireann - cnapán nó clog an dorais5. Cad na thaobh gur ait an t-ainmhidhe an muc - mar mharbhuightear í chun í do leigheas6. Cad é an rud é seo? Tá trí cosa ann ach mar sin féin ní féidir leat siubhail - slat7. Sinéad (?) leath istigh de gheata leath is amuigh do gheata nuair a chuireann tú lámh ann dóighfidh sí tú.8. Caora dhubh agus olann bhán uirthi - cáca dá bhacáil sa ghreidheal.9. Cad a cuirtear suas nuair a bhíonn an fhearthainn ag teacht aníos - scáth fearthainne.10. Tá tigh beag agam agus tá sé chomh beag san ná féidir luc dul isteach ann ach mar sin féin ní féidir leis na fearaibh go léir i gco. an Chláir an méid fuinneóg atá ann d'áirim mearachán(leanann ar an chéad leathanach eile)