Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuaireadh ór i ngáírdín i gCúige 80 bliadhna o shoin no mar sin. Ba leis daoine darbh ainm Crobán an gáirdín sin agus tá sé suidhte os cionn na Sionnaine. Bhí sé mar thuairm ar mhuinntear na h-áíte le tamall maith roimh sin go raibh ór le fagháil i bhfolach in áit éigin i gCúige acht ni raibh fhios ag éinne láthair na h-áite sin.Do dhein duine sa chrsanamhacht taidhbhreamh oidhche agus do réir an thaidhbhrimh bhí an t-ór le fagháíl i ngáírdín le muinntir Crobáin abhí suidhte os cionn na fairrge. Do thug sé ceann des na comharsain in éinfeacht leis agus nuair do shroiseadar an gáirdín do thosnuigheadar ag romhar ar a ndicheall. Bhí fear ag teacht abhaile ó bheith ag imirt cártaí. Do chonnaic sé iad ag rómhar agus do inniseadar an scéal do. Bhí eagla air fanamhaint agus d'imthigh sé abhaile. Daoine saidhbhire ba eadh na fir eile ón lá sin amach. Tá an gáirdín sin suidhte os comhair Oileán na gCanonach.
Micheál Mac Crobáín
Cúige- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Crobáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cúige, Co. an Chláir