Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 221
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leigheasanna a bhíodh ag na daoine ar ghalair agus ar phianta áirithe1) CRANNAÍDeireadh na sean-daoine má thánaig tú AR UISCE I gCLOICH gan bheith gá lorg leigheasfadh sé crannaí
2) NEASGÓIDÍMeasctar GALLUNACH DOUN agus SIÚCRE le chéile chun leighis a dhéanamh ortha san. Tarnaing (?) an meascán an breachadh as an ngeasgóid agus annsan leigheasfaidh sé í.
3) TOCHTÁN na SMEIGE no casachtach NA LEANBHAÍFUIGHEALLACH FIALL BIDH: tabhair bainne den fhial. Nuair a bhíonn cuid de ólta aige tóg an fuigheallach agus tabhair do'n leanbh breóite é mar deoch
4) LEÓN AS ALTTabhair INNIÚN AS PHORTACH agus beirbhigh in uisce é. Sgag an t-uisce agus annsan deineann an inniún (?). Cuirtear an (?) seo go dtí an león agus leigheasann sé é.Uaireannta beirbhightear FEAMNACH agus deintear úasáíd as ins an gcaoí ceadna.
3) TOCHTAN na SMEIGE no Casactach na leanbhaíNuair a bhíonn fear le CAPALL BHÁN ag dul thart iarr leigheas air i gcóir an chasactaigh. Déarfaidh sé sin UBHALL no oraiste no nid eile(leanann ar an chéad leathanach eile)