Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúntas ar na leigheasanna do bhíodh i dtoibreacha beannuithe paróiste Cill-an-Dísirt.(A) Tá tri tobar bheannuighthe sa pharóiste seo, ceann aca i Leac na Sionnach agus é tugtha do'n Mhaighdin Mhuire, ceann eile i gCró Bhótháin ar a dtugtar Tobar Bhricín agus an tríomhadh ceann i gCúige. Tugtar Tobar Ruadháin ar Thobar Chúige. Níl aon lá féile le Naomh Ruadhán no le Naomh Bricín tugtha no cuimhnighthe ins an bparóiste.
(1) Tobar na Maighdine Muire i Leac na SionnachTá an tobar sin suidhte i Leac na Sionnach. Tugann daoine abhíonn ag fuiling ó gach sórt galar - idir galair chuirp agus aigne - cúairt chuige sin ar lorg leigheas. Deireann na daoine turais timcheall an thobair ar Lá Fhéile Muire ( 15adh Lughnasa) ar 8adh mí na Nodlag agus arís ar gach Satharn mí na Bealtaine. Leis na h-ocáidíbh seo tagann daoine ó gach pharóiste sa chomharsanacht chuig an tobar idir fir mná agus páistí. Bíonn siad cosnochtuighthe ceann-nochtuighthe ag deanamh na turas agus an Choróin Mhuire gá radh aca, ós iseal ar feadh an ama sin go léir.(?) an aois atá againn id indiú - aois nach bhfuil suim ar mhórán dhaoine ach ar nidhthe a bhaineann le saidhbhreas no le compórd cuirp - Is radharc tréifideachta é bheith ag feacaint ar fhearaibh agus ar mhnaibh 'na bhfuil bláth na h-óige agus an t-sláinte ag deanamh na turas le (?) cráibhtheacht. Cuireann fé cuimhne ar dhuine as scéalta na Naomh in Eirinn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Gharraí
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir