Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 240
- XML “Ráthanna agus Liosanna Cill an Dísirt - Lios Cormaic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 2) Lios CormaicBhí triuir Fiadhaighthe ag taistil na tíre uair an mheadhon oidhche. Do chuaidheadar isteach i Lios Cormaic chun a sgith a leigint agus d'fhágadar na gunnaí ar an leachtán. Scaoileadh urchar gan éinne lámh a chur ar na gunnaibh. Do chuaidheadar abhaile go tapaidh.Tá cnoc inaice an leasa darbh ainm "Coffey's Hill" agus do réír tuairim na ndaoine do thug gach sprid in Eirinn cúaird chuig an cnoc sin ó am go h-am. Deirtear leis, go mbíonn bean Sidhe agus Solus le feiscint inaice an leasa ó am go h-am. Creideann na daoine gur leis na Sidhe an lios seo.
3. Lios CormaicTráthnóna samhraidh do chuaidh fear tríd an lios ar lorg a chuid beithidheach. Do fuair sé iad i gcúinne an leasa agus iad go léir marbh. Do chonnaic sé a lán daoine ag imirt liathróíde coise. Bhí fhios aige cuid aca a bheith marbh le deich bliadhna.Nuair do chuaidh sé abhaile is ar éigin a bhí cumas air labhairt. Thánaig teinneas air. Cuireadh fios ar an ndochtúir agus do fuair an fear bocht bás.
4) Lios CormaicDo dhein an fear gur leis é moinfheár do'n pháíc abhí inaice an leasa. Nuair abhí sé aibidh do bhain sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Ciarrnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Baile Uí Bhuacháin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Baile Uí Bhuacháin, Co. an Chláir