Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 253
- XML “An Plá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do chuir riaghaltas Shasana ósbidéil sealadach ar bun ar fuid na tíre i gcóír othar na pláighe. Bhí ceann aca san i gCill-an-Disirt. Is béag go rabhadar lán agus bhí sé ag teipeadh ar na daoinibh i gceannas ortha ionaid d'fhagháíl i gcóir an sluaigh abhí ag teacht chuca. Dá bhrígh sin nuair a fuair duine bás tóadh amach é láithreach agus fáadh inaice an fhalla é taobh istigh de'n osbedéal. Annsan is minic a cuireadh é gan comhra gan aisléine. Deirtear go mbíodh beirt no triúir curtha in gach uaigh agus ní i gcomhnaidhe a cuireadh ins an reilg iad ach in a bhfeirmeacha féin. Sin é an fáth go bhfuill puill doimhne ar a dtugtar puill na pláighe annso agus annsuid ar fuid na tíre.Do cuireadh duine abhí an phláígh air isteach san ósbeidéal i gCill-an-Disirt. Do cheap na banaltraí go raibh sé marbh agus do chuireadh an corp amach chun ionad a thabhairt do dhuine beo. Tar éis tamaill bhí fear ag gabháíl thart agus d'airigh sé an duine marbh (mar do cheap sé) ag guilghearán. Do chuaidh sé chuige agus do fhauir sé amach ná duine marbh a bhí ann in-aon-chor ach duine go raibh a chuid cainnte aige. (?) beó agus ní ag moladh na mbanaltraí abhí sé ach a mhalairt.Tugadh isteach arís é. Thánaig biseach air agus is fada an lá do mhair sé 'na dhiaidh sin agus is mo sceál d'innis sé mar gheall ar an úathbháach sin. Is fada an la go bhfuil sé imthighthe i Slighe na Firínne anois.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Cathasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Lios Cormaic, Co. an Chláir