Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear saidbhir 'na chomhbnaidhe i Leac na Sionnach cúpla bliadhain ó shoin darbh ainm O'Conaill. Bhí alán airgid i gcúirt an dlighe. Tugadh an t-airgead dó nuair abhí sé 21 de bhliadhanta. D'athruigh sé a ainm do Bhianconi chun airgid a mhathar d'fhághail. Do shiolruigh sé ó Dhomhnall O'Conaill. Inghean do Bhianconi an t-Éadálac a chur cárraí ag triail ó cheann go ceann na tíre ba eadh a mhathair. Nuair a bhí sí ag fághail bháis d'fhág sí a cuid airgid dá mac ar coingheall go n-athróchadh sé a ainm do Bhianconi.Bhí 94 acra talmhan aige agus tigh comhnuighthe ann ag Leac na Sionnach. Bhíod a lán fear oibre aige ag tógáil gach sórt oibreacha cloiche. Fear reamhair ba eadh é agus bhí a chroidhe lag. D'fhág sé an tigh álainn i mBaile Léana agus thánaig sé go Leac na Sionnach agus do chomhnuigh go ré ann i dtigh feirmeóra.Fear cneasta ba eadh é. Ciall sé radhairc a leath shúile sul a fuair sé bás. Bhí ceathrar ingheana aige ach ní raibh aon mac aige. Do bhí tréan ag rith tré a chuid talmhan. Do chaith sé a chuid airgid i gCill-an-Dísirt. D'éirigh cuid de na ropadóiríbh ana shaidhbhir mar gheall ar sin. Bhíodh péirreach beithidheach aige ag treabhadh agus ag tarraingt ualach ó chéadh Cill-an-Dísirt mar bhí bád(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seóirse Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir