Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amhain do bhí fear darbh ainm Liam De Gabhánach na chomhmnaidhe i gCill-an-Dísirt. Sparnuidhe agus sealgaire cáileamhail do ba é. Do bhí conairt con aige i gcóir sealgaireachta. Marcach maith do ba é leis agus deirtear gur léím sé ó pháirc go páirc treasna an bhothair i Leac na Sionnach inaice an tobair beannuighthe. Bhí capaill maithe ráis aige darb ainm "An teachta ón gClár agus" An inghean. Do bhí alán capall ráis agus huntéirí aige. Bhí sé na chomhnaidhe sa thigh ceadna 'na bhfuil an sagart óg na chomhnaidhe anois.Do theidheadh sé fé dhéin gach cruinniú daoine ar fuid na tíre. Tánaig fonn air i gcóir cuideachta uile agus fé dheire bhí sé chomh h-olc le h-éinne aca. Do chaith sé deire a shaoghail i dtigh na mbocht i gCill-an-Dísirt.Protastúnach do ba é go dtí an lá a fuair sé bás. Protastúnach agus Tighearna talmhan do ba a athair. Caitiliceach do ba a mhathair agus a driofúreacha uile bean riagalta do ba ceann aca.Ba colcathair do an file Atty Ní Bhriain mar ba í a mhathair a h-áintin. Do fuair sí bás(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- P. Ní Crobáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cúige, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Michéal Ní Crobáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cúige, Co. an Chláir