Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 295
- XML “Naomh Seanán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Naomh Seanán
Cé uaidh gur shiolruigh sé
Tarngaireacht Naoimh Padraigh
Rugadh Naomh Seanán ag Mágh Locha i Mígh-gort inaice le Cill Rúais. Flaith uasal be eadh a athair a shíolruigh Ó Conaire Righ na h-Eireann. Do bheannaigh Naomh Padraig Co-an-Chláir ó Chnoc Phádraigh i gCo. Luimnigh ar bhruach na Sionnaine.San mbliadhain 488. Deirtear gur dhein sé tarngaireacht annsin go mbéarfaidhe buachaill i gCo-an-Chláir agus leis an aimsir go mbeadh cáil mhór ar an mbuachaill sin. Ba é Seanán an garsún sin.
Turas go dtí an Róimh
InisD'fhág Naomh Seanán Mainistir Naoimh Nóil agus do chuaidh sé go dtí an Róimh agus ag teacht abhaile dhó do chaith sé tamall le naomh Dabhid Easbog Bhreathnaigh. Do chuir sé ar bun a chéad teampall in Eirinn ag Inis Coradh cúig mhíle ó Chathair Corcaighe. D'fhág sé an áit sin fé chúrumh a chompanacha agus d'imthigh leis go h-Inis Luinge áit 'na chur sé ar bun teampall. Do thug sé an Chaille de cuid des na hIngheanachaibh Brendáin, Uachtarán barúin Ciarraighe.
Inis Mór ( Fiadh )Annsan do ghluais sé ar an uisce chomh fada le h-Inis Mhór ins an abhainn Fheargus tiomáineadh i gcoinne na gaoithe é nó gur shrois sé Inis Tuaisceart ( Tugtar Inis Luaidh anois ar Inis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ita Ó Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Crodh Bhreacháin, Co. an Chláir