School: Cuilleán
- Location:
- Cuillaun, Co. Mayo
- Teacher: León P. Mac Eachmharaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuilleán
- XML Page 003
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Nuair a bhíos ar faire i gCamghleann...”
Nuair a bhíos ar faire i gCamghleann i mí Márta chualas Bean Ní Róisde (sean bhean go raibh bun chíos na sean aice) ag déanamh eagairt i mbéarla do "THE YEAR OF THE ROTTEN TURF." Dubhairt sí liom gurbh é an bhliadhain (gcimhreadh) (?) 1860 - ie. b'éigean do mhuintir (?) na h-áite.
"THE EYE"Poll uisce i Leabha (Leface) Snigheann an t-uisce tré pholl sa bhfalla atá i n-aice leis. "An tSúil" atá ag muinntir na gaedhealtachta air. Aistriúchán ón ngaedhilge atá annseo is dócha."The Súil a tugtar ar cheann mar sin i gCill Chnuic.
A BELT (?)Dubhairt Seosamh Ua Uigin O.S. liom go bhfuair a bhuachaill aimsire ceann i ndíog sa bhfeilm trí céad slat ó bhaile an Daingin sa bhliadhain 1933.
THE HARVESTERSIs beag fear san áit seo nár chaith tráth da shaoghal i Sasana nó i n-America. Téigheann cuid aca go Sasana gach bliadhain go fóill i Mí Meithimh agus filleann siad i Mí na Nodlag. I Lincoln agus i Lancashire is mo a bhínns siad ag obair. Díoltar iad dá réir an méid oibre a dhéanas n-aghaidh na h-uaire.(continues on next page)