School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 288
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear agus bean aon uair amháin agus ní rabh aca ach aon mhac amháin. Ba mhaith leis an athair é a bheith na cearpantóir ach b'feárr leis an mhac é féin a bheith na ghaduidhe.

    (continued from previous page)
    D’imthigh an mac a ghaduidheacht.
    Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc ní rabh é i bhfad ag siubhal gur casadh gaduidhe eile air. Chuir sé ceist air ca rabh sé ag gabhail agus dubhairt an stócach go rabh sé ag gabhail a ghaduidheacht. “Ma thug tú liomsa,” arsa’n gaduidhe “dheánfaidh mé an gaduidhe is cliste duit ar an domhan.”
    Chuaidh, agus bhí siad ag gaduidheacht leo ar faedh tamaill fhada as ní bhfuarthas greim ortha ariamh. Lá amháin agus iad ar
    Taobh cnuic chonnaic siad fear ag gabhail an bealach mór agus caora leis. dubhairt an gaduidhe leis an stócach da ngoidfeadh sé an chaora go rabh sé cliste.
    D’imthigh sé a ghoid na caorach mar h-iarradh air. Chuir sé clábar ins an bhróig a bhí air agus d’fhág ar an bhealach mhór roimhe an fhear í. D’fhág sé an ceann eile giota maith ‘un tosaigh roimhe an fear agus luigh i bhfolach. Casadh an cead bróg ar an fhear ach
    dar leis fhéin nach rabh maith ar bith innti gan a comráduidhe
    Casadh an bhróg eile ar an fhear agus dubhairt sé in a intinn féin go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Searlas Ó Rabhartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An tSeanga Mheáin, Co. Donegal
    Informant
    Cáit Ní Domhnaill
    Gender
    Female
    Address
    An tSeanga Mheáin, Co. Donegal