School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 34

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 34

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 34
  3. XML “Scéal - Pádraig Ó Braonain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aige. Dubhairt Pádraig nach rabh. Tamall na dhiaidh sin d'iarr an t-seanbhean air dul amach fa choinne stópa uisge, go rabh an tobar os coinne an toighe amach. Chuaidh Pádraig amach agus fuair sé stópa taobh amuigh de'n doras Thóg sé stópa an tuisge agus nuair a d'amharc sé thart ní rabh teach ar bith le feiceail aige.
    Sheas se tamall ag amharc thart fa dheireadh chonnaic sé solus eile giota uatha agus tarraingt sé air. Teach mór damhsa a bhí ann ach ní rabh fidileor ar bith acu. Chuaidh Padruig isteach agus cuir siad uilig fáilte roime Padruig ó Braonan as Bárr A' Gaoith, Dubhairt siad uilig go rabh fidileor acu anois gurb é Padruig Ó Braonan as fidileor a b'fearr 'san tír.
    Bhí go maith agus ní rabh go h-olc Tugadh fidil do Phadruig agus sheinm sé go rabh an damsa thart. Annsin bhí lanamhain le pósadh ach ní rabh sagart ar bith acú. Dubhradh gurb é Padruig Ó Braonan an sagart a b'fearr 'san tír. Agus phós Padruig an lanamhain. Nuair a bhí sin deánta aige, bhí fear le chur dhubhradh go gcuirfadh Pádruig an fear fosta. Cuaidh sgaifte mór daoine leis an torramh na cille. Chur siad an fear agus nuair abhí siad uilig ag teach arais, táinig séideann sidhe agus tógadh Pádruig 'san aer , agus thuit se le ta[obh?] stópa uisge.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní hEarlaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Seamus Mac Aodhchain
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Béal an Átha Móir, Co. Donegal