School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí feirmeóir mór i gCo Luimníghe fadó riamh, do bhí capall dubh aige, agus laír dob ead í. Do cuaidh sé ar an aonach leis an gcapall chun í dhíol, agus do gheóbadh sé tré fichid púnt ar an gcapall ach ní dhíolfeadh sé í. D'fan an sceal mar sin go ceann tamaill mhaith de bhlianta ach fé dheire thiar thall do goidfheadh an capall uaidh.
Do bhí ana bhrón ar i ndiaidh an chapaill agus loirg sé deich púint ar a mháthair chun go ragfheadh sé ag cuardach an chapaill. Do fuair sé na deich púint agus d'imthigh sé leis ar fuaid Cho Luimníghe ag cuardach an chapaill, ach taréis a dhuaidh ní bhfuair sé an capall. Do thug sé agaidh ar an mbaile arís gan tásc ná tuairisc fachta ar an gcapall aige.
Do loirg sé chúigh phúint déag ar a mháthair an tarna babta ach dúbhairt sí leis gan bac leis an gcapall mar ná feadfeadh sé í dh'fhágháil, agus gur bh'fearra dho fanacht aige baile, agus a chuid oibre a dheanamh, ach dúbhairt an mac(continues on next page)- Collector
- Míchéal Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Seamus Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry