School: Smerwick (B.)

Location:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Teacher:
Dd. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 157

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Smerwick (B.)
  2. XML Page 157
  3. XML “Na Triúr Fearaibh Gorma”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon lá amháin do bhí Fionn mach Cúmhail ag baint bháirneach ar thráig Fionn trágha agus chonnaic sé triúr feara ghorma ag gabháil isteach ón bhfairrge. Nuair a thánadar i naice lé Fionn dfhiafruighdear do Fhionn cá raibh na Fiadhna. Dúbhairt Fionn leótha go rabhadar ag fiach. I gceann tamaill dúbharadar lé Fionn ná báthad uisce iadh, agus ná dóghfad teine iad, & ná maróbhchadh claidheamh iad. Dúbhairt Fionn leó go dtrialladh sé féin ar dtúis sar a gcreidfheadh sé iad. Do fuair sé bloc mór adhmaid agus chuir sé ceann gach duine aca sínte ar. Do lámhsig sé a chlaidheamh agus bhuail gach duine aca acht do theip air. Deiríghdar aniar chómh maith is a bhí síad riamh. Annsan chuaid sé an choill agus bhailigh sé ghabhal bhrosna agus dhein teine dhóibh. Do bhuail sé an triúr isteach, agus an teine ar dearg lasadh. Bhíodar istig ar feadh ceathrú uair a chloig agus nuair a chonnaich Fíonn ná raibh an teine dá ndóghadh do thóg sé amach iad. Annsan thug sé fé an 3adh buadh a bhí aca féachaint an mbáthfhadh uisce iad.
    Do fuair sé naomhóg agus thug amach i lár an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Tómas O Morchadha
    Gender
    Male